Frances Black - Jimmy Mó Mhíle Stór
Tekst piosenki Jimmy Mó Mhíle Stór
Bliain an taca seo d'imigh uaim rún mo chléibh
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil
Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-ard ina chomhair's
Clúdód le mil é, is é Jimmy mó mhíle stór
Bíonn mo mháthair is m'athair ag bearradh's ag bruíon liom féin
Táim giobaithe piocaithe, ciapaithe, cráite dem shaol
Thugas taitneamh don duine úd dob fhinne's dob aille snó
Is chuaigh sé ar bhord loinge, is é Jimmy mó mhíle stór
Rachadsa chun coille agus caithféad an chuid eile dem shaol
San áit ná béidh éinne ag éisteacht le ceol na n-éan
Ag bun an chrainn chaorthainn mar a bhfásann ann féar go leor
Ag tabhart taitnimh don duine úd, is é Jimmy mó mhíle stór
Frances Black - Jimmy Mó Mhíle Stór tekst piosenki
Frances Black - Jimmy Mó Mhíle Stór tekstowo Jimmy Mó Mhíle Stór Frances Black Jimmy Mó Mhíle Stór słowaTeledysk do piosenki
Jimmy Mó Mhíle Stór
▶
▶
Źródło: tekstowo.pl